Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
An Bhruiséil,10.1.2017
maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena naisghairtear Treoir 2002/58/CE (Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 agus Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpacha ar Chosaint Sonraí,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas: