Rinneadh na prionsabail maidir le cosaint sonraí trí dhearadh nó mar réamhshocrú a chódú faoi Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/679. Faoi láthair, tá na réamhshocruithe i gcomhair fianán socraithe ag ‘glac le gach fianán’ i bhformhór na mbrabhsálaithe reatha. Dá bhrí sin, ba cheart a bheith mar oibleagáid ar sholáthraithe bogearraí a chumasaíonn aisghabháil agus léiriú faisnéise ar an idirlíon na bogearraí a chumrú sa chaoi go dtairgeann siad rogha maidir le tríú páirtithe a chosc ó fhaisnéis a stóráil ar an trealamh teirminéil. léirítear é sin go minic mar ‘diúltaigh d’fhianáin tríú páirtí’. Ba cheart sraith de roghanna a thairiscint d’úsáideoirí deiridh maidir le socrú príobháideachais, idir an réimse ard (mar shampla, ‘ná glac le fianáin riamh’) agus an réimse íseal (mar shampla, ‘glac le fianáin i gcónaí’) agus an réimse idirmheánach (mar shampla, ‘diúltaigh d'fhianáin tríú páirtí’ nó ‘ná glac ach le fianáin céad pháirtí’). Ba cheart socruithe príobháideachais den sórt sin a léiriú ar bhealach atá sofheicthe agus intuigthe.