Tá gá le pacáistí áirithe sonraí a astú go rialta chun rochtain a fháil ar líonraí cumarsáide leictreonaí chun nasc a aimsiú nó a choinneáil leis an líonra nó le feistí eile ar an líonra. Ina theannta sin, ní mór go mbeadh seoladh uathúil sannta d'fheistí le go mbeidís inaitheanta ar an líonra sin. Ar an gcaoi chéanna, baineann astú comharthaí gníomhacha ina bhfuil aitheantóirí uathúla mar sheoladh MAC, agus IMEI (Aitheantóir Idirnáisiúnta Fón Póca), an IMSI etc. le caighdeáin teileafón gan sreang agus le teileafóin cheallacha. Tá raon faoi leith ag stáisiún bunáite gan sreang aonair (i.e. tarchuradóir agus glacadóir), amhail pointe rochtana gan sreang, ar féidir faisnéis den sórt sin a ghabháil laistigh de. Tá soláthraithe seirbhíse tagtha chun cinn a thairgeann seirbhísí rianaithe bunaithe ar scanadh faisnéise a bhaineann le trealamh agus a bhfuil feidhmiúlachtaí ilghnéitheacha aici, lena náirítear sonraí a chur ar fáil maidir leis an líon daoine atá ag fanacht i líne, an líon daoine i limistéar faoi leith a dhearbhú, etc. D'fhéadfaí an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha níos ionsáití, amhail teachtaireachtaí tráchtála le tairiscintí pearsantaithe a sheoladh chuig úsáideoirí deiridh, nuair a théann siad isteach i siopaí mar shampla. Cé nach mbaineann priacail mhóra le cuid de na feidhmiúlachtaí sin ó thaobh príobháideachais de, ní mar sin do chuid eile acu, mar shampla, iad siúd a bhaineann le daoine aonair a rianú thar thréimhse ama, lena náirítear cuairteanna iomadúla ar láithreacha sainithe. Ba cheart do sholáthraithe a bhíonn páirteach i gcleachtais den sórt sin fógraí feiceálacha a thaispeáint, suite ar imeall an limistéir atá cumhdaithe, ag cur in iúl d’úsáideoirí deiridh sula dtéann siad isteach sa limistéar sainithe go bhfuil an teicneolaíocht ag oibriú laistigh d’imlíne áirithe, cuspóirí an rianaithe, an duine atá freagrach as agus aon bheart a d’fhéadfadh úsáideoir deiridh an teirminéil a ghlacadh chun an bailiú a íoslaghdú nó a stopadh. Ba cheart faisnéis bhreise a chur ar fáil sa chás go ndéantar sonraí pearsanta a bhailiú de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679.