Tá na seirbhísí a úsáidtear i gcomhair cumarsáide, agus na modhanna teicniúla chun iad a sheachadadh, tar éis teacht chun cinn go mór. Tá úsáideoirí deiridh ag cur níos mó seirbhísí ar líne atá coibhéiseach ó thaobh feidhmiúlachta de mar Phrótacal idirlín Guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí, agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe in ionad guth-theileafónaíocht traidisiúnta, teachtaireachtaí téacs (SMS) agus seirbhísí iompair ríomhphost. Lena áirithiú go bhfuil cosaint atá cothrom agus éifeachtach ag úsáideoirí deiridh agus seirbhísí atá coibhéiseach ó thaobh feidhmiúlachta de á núsáid acu, úsáidtear sa Rialachán seo an sainmhíniú ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí atá leagtha amach sa [Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach
24
]. Cuimsíonn an sainmhíniú sin ní hamháin seirbhísí rochtana idirlín agus ar seirbhísí iad atá go hiomlán nó go páirteach ag iompar comharthaí ach freisin seirbhísí cumarsáide idirphearsanta, a bhféadfaidís a bheith nó gan a bheith bunaithe ar uimhreacha, mar shampla, Prótacal Idirlín Guthaithe, seirbhísí teachtaireachtaí, agus seirbhísí ríomhphoist gréasánbhunaithe. Tá sé ríthábhachtach freisin rúndacht chumarsáide a chosaint maidir le seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá coimhdeach i ndáil le seirbhís eile; dá bhrí sin, ba cheart seirbhísí den sórt sin a bhfuil feidhmiúlacht chumarsáide acu a chumhdach faoin Rialachán seo.