Chothaigh an fhorbairt ar theicneolaíochtaí gan sreang atá tapa agus éifeachtúil infhaighteacht mhéadaithe don phobal ar rochtain idirlín le líonraí gan sreang ag aon duine i spásanna poiblí nó i spásanna leathphríobháideacha amhail ‘baill the’ atá suite in ionaid éagsúla laistigh de chathair, siopaí ilrannacha, siopalanna agus ospidéil. Sa mhéid agus go gcuirtear na líonraí cumarsáide sin ar fáil do ghrúpa úsáideoirí deiridh gan aithint, ba cheart rúndacht na cumarsáide a tharchuirtear trí líonraí den sórt sin a chosaint. Fiú dá bhféadfadh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a bheith coimhdeach i ndáil le seirbhísí eile, níor cheart dó sin a bheith ina bhac ar rúndacht sonraí cumarsáide a chosaint agus ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus líonraí cumarsáide poiblí. I gcodarsnacht leis sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le grúpaí dúnta d’úsáideoirí deiridh cosúil le líonraí corparáideacha, nach bhfuil rochtain orthu ach ag baill na corparáide.