Beidh inniúlacht ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, a bunaíodh faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2016/679, a áirithiú go gcuirfear Caibidil II den Rialachán seo i bhfeidhm go comhsheasmhach. Chuige sin, feidhmeoidh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 70 de Rialachán (AE) 2016/679. Chomh maith leis sin, beidh na cúraimí seo a leanas ar an mBord:
(a)comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon leasú a mholtar ar an Rialachán seo;
(b)scrúdú a dhéanamh, ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin do chomhalta dá chuid nó don Choimisiún, ar cheist ar bith lena gcumhdaítear cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus treoirlínte, moltaí agus na cleachtais is fearr a eisiúint, d'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a spreagadh.