Tá bonn cirt le sárú a dhéanamh ar an díothú maidir le léiriú shainaithint na líne glao i gcásanna sainiúla. Ba cheart cearta úsáideoirí deiridh i leith príobháideachais maidir le líne ghlao a shainaithint a shrianadh nuair is gá glaonna núise a aimsiú agus maidir le líne ghlao agus sonraí suímh a shainaithint nuair atá sé sin riachtanach chun go mbeadh ar chumas seirbhísí éigeandála amhail eCall, a gcuid cúraimí a chur i gcrích chomh héifeachtach agus is féidir.