Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáiltear i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil agus a úsáid san Aontas, is cuma an ndéantar an phróiseáil san Aontas nó nach ndéantar. Ina theannta sin, chun nach ndéanfar cosaint éifeachtach a cheilt ar úsáideoirí deiridh san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáiltear i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí ó lasmuigh den Aontas a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh san Aontas.