Is féidir le húsáideoirí deiridh toiliú a thabhairt go ndéanfaí a gcuid meiteashonraí a phróiseáil chun seirbhísí sonracha a fháil amhail seirbhísí cosanta in aghaidh gníomhaíochtaí calaoiseacha (trí anailís a dhéanamh ar shonraí úsáide, ar shuíomh agus ar chuntas an chustaiméara i bhfíor-am). Sa gheilleagar digiteach, is minic a chuirtear seirbhísí ar fáil in aghaidh frithfheidhmíochta seachas airgead, trí úsáideoirí deiridh a bheith nochta d’fhógraí, mar shampla. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an bhrí chéanna a bheith le toiliú úsáideora deiridh agus é a bheith faoi réir na gcoinníollacha céanna le toiliú an ábhair sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679, is cuma an túsáideoir deiridh a bheith ina dhuine nádúrtha nó ina dhuine dlítheanach. Déanfar rochtain bhunúsach ar leathanbhanda idirlín agus seirbhísí cumarsáide gutha a mheas mar sheirbhísí riachtanacha chun go mbeadh daoine aonair ábalta cumarsáid a dhéanamh agus a bheith páirteach ar mhaithe leis an ngeilleagar digiteach. Ní bheidh toiliú chun sonraí úsáide ón idirlíon nó ó chumarsáid ghutha bailí mura bhfuil rogha atá dílis agus saor ag an ábhar sonraí nó mura bhfuil sé in ann diúltú don toiliú a thabhairt nó é a tharraingt siar gan díobháil.