Nuair a bhíonn próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí laistigh dá raon feidhme, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo go bhféadfadh an tAontas nó na Ballstáit, faoi choinníollacha sonracha, oibleagáidí agus cearta áirithe a shrianadh de réir dlí nuair is beart riachtanach agus comhréireach é an srianadh sin i sochaí daonlathach chun leasanna poiblí ar leith a chosaint lena náirítear slándáil náisiúnta, cosaint, slándáil phoiblí agus cionta coiriúla a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear cosaint in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus iad a chosc agus cuspóirí tábhachtacha eile a bhaineann le leas poiblí ginearálta an Aontais nó Ballstáit, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó Ballstáit nó feidhm faireacháin, chigireachta nó rialála a bhaineann le húdarás oifigiúil a fheidhmiú maidir le leasanna den sórt sin. Dá bhrí sin, níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo do chumas na mBallstát idircheapadh dleathach a dhéanamh ar chumarsáid leictreonach nó bearta eile a ghlacadh, más gá agus má tá siad comhréireach, chun na leasanna poiblí a luadh thuas a chosaint, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí foráil dhéanamh maidir le nósanna imeachta iomchuí chun iarratais dhlisteanacha ó údaráis inniúla a éascú agus, más iomchuí, ról an ionadaí atá ainmnithe de bhun Airteagal 3(3) a chur san áireamh freisin.