Ba cheart do gach údarás maoirseachta a bheith inniúil ar chríoch a Bhallstáit féin chun na cumhachtaí agus na cúraimí a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú. D'fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, gan dochar do chumhachtaí na núdarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. Moltar do na Ballstáit agus dá núdaráis mhaoirseachta riachtanais shonracha na micrifhiontar, na bhfiontar beag agus na bhfiontar meánmhéide a chur san áireamh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm.