Maidir le líne ghlao a shainaithint, is gá cosaint a thabhairt don cheart atá ag páirtí an ghlao léiriú shainaithint na líne óna bhfuil an glao á dhéanamh a choinneáil siar agus cosaint a thabhairt don cheart atá ag an bpáirtí ar glaodh air diúltú do ghlaonna ó línte gan aithint. Tá leas ag úsáideoirí deiridh áirithe, go háirithe línte cabhrach, agus eagraíochtaí cosúil leo, maidir le neamhainmníocht a gcuid glaoiteoirí a ráthú. Maidir le líne nasctha a shainaithint, is gá ceart agus leas dlisteanach an pháirtí ar glaodh air a chosaint maidir le léiriú shainaithint na líne a bhfuil an páirtí atá ag glaoch nasctha léi iarbhír.