Chun comhsheasmhacht iomlán a áirithiú le Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart forfheidhmiú fhorálacha an Rialacháin seo a chur de chúram ar na húdaráis chéanna atá freagrach as forálacha Rialachán (AE) 2016/679 a fhorfheidhmiú agus braitheann an Rialachán seo ar shásra comhsheasmhachta Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit níos mó ná údarás maoirseachta amháin a bheith acu, d'fhonn struchtúr bunreachtúil, eagraíochtúil agus riaracháin an Bhallstáit a léiriú. Chomh maith leis sin, ba cheart na húdaráis mhaoirseachta a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí d’eintitis dhlíthiúla. Níor cheart go gcuirfeadh cúraimí breise den sórt sin cumas an údaráis maoirseachta a chuid cúramaí i dtaca le sonraí pearsanta a chosaint faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoin Rialachán seo i gcontúirt. Ba cheart na hacmhainní breise airgeadais agus daonna, chomh maith leis na foirgnimh agus an bonneagar atá riachtanach chun na cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú go héifeachtach a chur ar fáil do gach údarás maoirseachta.