Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, eadhon cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh. Go háirithe, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i dtaca leis an bhfaisnéis atá le léiriú, lena náirítear trí dheilbhíní caighdeánaithe chun forléargas atá sofheicthe go héasca agus intuigthe a thabhairt ar bhailiú faisnéise a astaíonn trealamh teirminéil, an cuspóir atá leis, an duine atá freagrach as agus aon bheart is féidir le húsáideoir deiridh an trealaimh teirminéil a ghlacadh chun an bailiú a íoslaghdú. Chomh maith leis sin, tá gníomhartha tarmligthe riachtanach chun cód a shonrú chun glaonna margaíochta dírí a shainaithint lena náirítear iad siúd a dhéantar trí chórais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe. Tá sé tábhachtach, go sonrach, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí agus, go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016
25
. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Thairis sin, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún nuair a fhoráiltear dóibh sin leis an Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.