Faoin 1 Eanáir 2018, ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an Rialacháin seo.
Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé na príomhchinntí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Cuirfidh an mheastóireacht sin, i gcás inarb iomchuí, bonn eolais faoi thogra chun an Rialachán seo a leasú nó a aisghairm i bhfianaise forbairtí dlíthiúla, teicniúla nó eacnamaíocha.