Ba cheart féachaint ar shonraí cumarsáide leictreonaí mar shonraí rúnda. Ciallaíonn sé sin gur cheart aon chur isteach ar tharchur sonraí cumarsáide leictreonaí a thoirmeasc, pé acu go díreach le hidirghabháil ó dhuine nó le hidirghabháil ó mheaisíní próiseála uathoibrithe, gan toiliú ó pháirtithe na cumarsáide. Ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc ar idircheapadh sonraí cumarsáide le linn dóibh a bheith á niompar, i.e. go dtí go mbeidh ábhar na cumarsáide leictreonaí faighte ag an seolaí a bhí ceaptha é a fháil. D'fhéadfadh idircheapadh sonraí cumarsáide leictreonaí tarlú, mar shampla, nuair a éisteann duine eile seachas na páirtithe atá ag déanamh cumarsáide lena chéile le glaonna, nuair a dhéanann siad ábhar cumarsáide leictreonaí a léamh, a scanadh nó a stóráil, nó na meiteashonraí gaolmhara chun críocha seachas malartú cumarsáide. Tarlaíonn idircheapadh freisin nuair a dhéanann tríú páirtithe faireachán ar shuíomhanna gréasáin ar tugadh cuairt orthu, ar thráthúlacht na gcuairteanna, ar idirghníomhú le daoine eile, etc., gan toiliú ón úsáideoir deiridh lena mbaineann. De réir mar a thagann an teicneolaíocht chun cinn, tá fás dá réir tagtha ar na bealaí teicniúla chun idircheapadh a dhéanamh. D’fhéadfadh raon bealaí a bheith i gceist idir suiteáil trealaimh a bhailíonn sonraí ó threalamh teirminéil thar réimsí sonraithe, amhail glacairí IMSI (Aitheantas Suibscríobhaí Soghluaiste Idirnáisiúnta) mar a thugtar orthu agus cláir agus teicnící a dhéanann faireachán go rúnda ar nósanna brabhsála ar mhaithe le próifílí úsáideoirí deiridh a chruthú. Samplaí eile d’idircheapadh is ea sonraí pálasta nó sonraí ábhair a ghabháil ó líonraí gan sreang agus ródairí nach bhfuil criptithe, lena náirítear nósanna brabhsála gan toiliú ó na húsáideoirí deiridh.