1.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis eile is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo, go háirithe sáruithe nach bhfuil faoi réir fíneálacha riaracháin de bhun Airteagal 23, agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin ina dhlí atá á nglacadh aige de bhun mhír 1, tráth nach déanaí ná 18 mí i ndiaidh an dáta a leagtar amach faoi Airteagal 29(2) agus, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear do na forálacha sin.