In Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ("An Chairt") déantar cosaint ar na cearta bunúsacha atá ag gach duine go léireofaí meas ar a shaol príobháideach agus ar a shaol teaghlaigh, ar a áit chónaithe agus ar a chuid cumarsáide. Gné riachtanach den cheart seo is ea meas ar chumarsáid an duine. Áirithíonn rúndacht chumarsáide leictreonaí nach féidir faisnéis a mhalartaítear idir páirtithe ná na gnéithe seachtracha de chumarsáid den sórt sin, lena náirítear an áit ar seoladh an fhaisnéis chuici, an áit ónar seoladh an fhaisnéis nó an duine ar seoladh an fhaisnéis chuige a nochtadh do dhuine ar bith seachas na páirtithe atá páirteach sa chumarsáid. Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabal na rúndachta maidir le modhanna cumarsáide reatha agus modhanna cumarsáide amach anseo, lena náirítear glaonna, rochtain idirlín, feidhmchláir a bhaineann le teachtaireachtaí meandracha, ríomhphost, glaonna gutháin ar an idirlíon, agus teachtaireachtaí pearsanta a chuirtear ar fáil trí na meáin shóisialta.