Déantar na rialacha ginearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí cumarsáide leictreonaí a cháilíonn mar shonraí pearsanta, a shonrú agus a chomhlánú le forálacha an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ní laghdaítear an leibhéal cosanta atá ag daoine nádúrtha faoi Rialachán (AE) 2016/679 leis an Rialachán seo. Níor cheart cead a bheith ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo.