D'fhéadfadh ábhar cumarsáide leictreonaí faisnéis aníogair a nochtadh faoi na daoine nádúrtha atá páirteach sa chumarsáid, mar shampla fainéis faoi eispéiris agus mothúcháin phearsanta, riochtaí sláinte, gnéaschlaonadh agus tuairimí polaitiúla, agus d'fhéadfadh dochar pearsanta agus sóisialta, caillteanas eacnamaíoch agus náire a bheith mar thoradh ar nochtadh faisnéise den sórt sin. Mar an gcéanna, is féidir le meiteashonraí a fhaightear ó chumarsáid leictreonach, faisnéis atá aníogair agus pearsanta a nochtadh freisin. Ar na meiteashonraí sin, mar shampla, tá na huimhreacha ar glaodh orthu, na suíomhanna gréasáin ar tugadh cuairt orthu, suíomh geografach, an tam agus an dáta a ndearna an duine an glaoch chomh maith le fad an ghlao etc., agus is féidir conclúidí beachta a bhaint as sonraí den sórt sin maidir le saol príobháideach na ndaoine a bhí páirteach sa chumarsáid leictreonach, amhail a gcaidrimh sóisialta, a nósanna agus a ngníomhaíochtaí laethúla, na nithe is díol spéise dóibh, na nithe is maith leo etc.