Déanann gléasanna agus meaisíní atá nasctha cumarsáid le chéile níos minice anois ag úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí (Idirlíon na nEarraí). Bíonn iompar comharthaí thar ghréasán i gceist le tarchur cumarsáide meaisíngo-meaisín agus, dá réir sin, is seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ann de ghnáth. Chun cosaint iomlán ar chearta i leith príobháideachais agus i leith rúndacht chumarsáide a áirithiú, agus chun Idirlíon na nEarraí atá iontaofa agus slán a chur chun cinn sa mhargadh aonair digiteach, is gá a shoiléiriú gur cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le tarchur cumarsáide meaisíngo-meaisín. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith freisin ag prionsabal na rúndachta atá cumhdaithe sa Rialachán seo maidir le tarchur cumarsáide idir meaisíní. D’fhéadfaí cosaintí sonracha a ghlacadh freisin faoi reachtaíocht earnála, mar shampla Treoir 2014/53/AE.