D'fhéadfadh sonraí cumarsáide leictreonaí faisnéis maidir le heintitis dhlíthiúla a nochtadh freisin, mar shampla rúin ghnó nó faisnéis íogair eile a bhfuil luach eacnamaíoch ag baint léi. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha araon. Thairis sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go mbeadh feidhm freisin ag forálacha Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
21
, maidir le húsáideoirí deiridh ar daoine dlítheanacha iad. Tá an sainmhíniú ar thoiliú faoi Rialachán (AE) 2016/679 san áireamh anseo freisin. Nuair a thagraíonn úsáideoir deiridh do thoiliú, lena náirítear daoine dlítheanacha, ba cheart feidhm a bheith ag an sainmhíniú seo. Ina theannta sin, ba cheart na cearta céanna a bheith ag daoine dlítheanacha agus atá ag úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad maidir leis na húdaráis mhaoirseachta; agus ar a bharr sin, ba cheart údaráis mhaoirseachta faoin Rialachán seo a bheith freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le daoine dlítheanacha.