Ba cheart na modhanna a úsáidtear chun faisnéis a chur ar fáil agus chun toiliú an úsáideora deiridh a fháil a bheith chomh háisiúil agus is féidir don úsáideoir. Ó tharla go mbaintear úsáid uileláithreach as fianáin rianaithe agus as teicnící rianaithe eile, iarrtar ar úsáideoirí deiridh níos minice anois toiliú le fianáin rianaithe den sórt sin a stóráil ar a dtrealamh teirminéil. Mar thoradh air sin, bíonn úsáideoirí deiridh báite le hiarratais chun toiliú a chur ar fáil. D'fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo, b'fhéidir, trí úsáid a bhaint as bealaí teicniúla chun toiliú a thabhairt agus as socruithe trédhearcacha atá áisiúil don úsáideoir, mar shampla. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo don fhéidearthacht go ndéanfaí toiliú a léiriú trí úsáid a bhaint as na socruithe iomchuí brabhsálaí nó feidhmchláir eile. Ba cheart na roghanna a dhéanann úsáideoirí deiridh nuair a bhíonn socruithe ginearálta brabhsálaí nó feidhmchláir eile i leith príobháideachais á mbunú acu a bheith ceangailteach ar thríú páirtithe agus iad a bheith infhorghníomhaithe i gcoinne aon tríú páirtithe. Is cineál bogearraí feidhme iad brabhsálaithe gréasáin a cheadaíonn aisghabháil agus léiriú faisnéise ar an idirlíon. Tá an cumas céanna ag cineálacha eile feidhmchlár, cosúil leis na cinn a cheadaíonn glaoch agus cur teachtaireachtaí nó a chuireann treoraíocht bealaigh ar fáil. Déanann brabhsálaithe gréasáin mórán dá dtarlaíonn idir an túsáideoir deiridh agus an suíomh gréasáin a eadránú. Ón taobh sin de, tá sé de phribhléid acu a bheith ábalta ról gníomhach a ghlacadh i dtaca le cuidiú leis an úsáideoir deiridh an sreabhadh faisnéise chuig an trealamh teirminéil agus amach as a rialú. Is féidir brabhsálaithe gréasáin a úsáid mar gheatóirí, go háirithe, agus ar an gcaoi sin cuidíonn siad le húsáideoirí deiridh chun rochtain faisnéise nó stóráil faisnéise óna dtrealamh teirminéil (mar shampla fón cliste, táibléad nó ríomhaire) a chosc.