Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit, laistigh de theorainneacha an Rialacháin seo, forálacha náisiúnta a thabhairt isteach nó a choinneáil chun cur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a shonrú agus a shoiléiriú tuilleadh chun cur i bhfeidhm agus léirmhíniú éifeachtach na rialacha sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart go gcoinneodh an lamháil discréide atá ag Ballstáit ina leith seo, an chothromaíocht idir cosaint a thabhairt don saol príobháideach agus do shonraí pearsanta agus saorghluaiseacht sonraí cumarsáide leictreonaí.