Déantar eolairí a bhfuil fáil orthu go poiblí i dtaca le húsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a scaipeadh go forleathan. Ciallaíonn eolairí atá ar fáil go poiblí aon eolaire nó seirbhís ina bhfuil faisnéis úsáideoirí deiridh amhail uimhreacha teileafóin (lena náirítear uimhreacha fóin póca), seoladh ríomhphoist, sonraí teagmhála agus seirbhísí fiosrúcháin san áireamh. Éilíonn an ceart maidir le príobháideachas agus le cosaint sonraí pearsanta duine nádúrtha go niarrfaí toiliú ar úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad sula gcuirfí a gcuid sonraí pearsanta san áireamh in eolaire. Éilíonn leas dlisteanach eintiteas dlíthiúil go bhfuil sé de cheart ag úsáideoirí deiridh ar eintitis dhlíthiúla iad cur i gcoinne na sonraí a bhaineann leo a chur san áireamh in eolaire.