Chun go mbeadh ar chumas brabhsálaithe gréasáin toiliú a fháil ó úsáideoirí deiridh mar atá sainmhínithe faoi Rialachán (AE) 2016/679, mar shampla, chun fianáin rianaithe tríú páirtí a stóráil, ba cheart é a bheith de cheanglas orthu, i measc nithe eile, go léireodh úsáideoir deiridh an trealaimh teirminéil le gníomhaíocht shoiléir dhearfach go dtugann sé toiliú, faoi shaoirse, go sonrach, go feasach agus gan débhrí maidir le stóráil agus rochtain fianán den sórt sin sa trealamh teirminéil agus amach as. D’fhéadfaí a mheas go raibh gníomhaíocht den sórt sin dearfach, dá mbeadh ar úsáideoirí deiridh ‘glac le fianáin tríú páirtí’ a roghnú go gníomhach chun a dtoiliú a dheimhniú agus go dtabharfaí an fhaisnéis atá riachtanach dóibh chun an rogha a dhéanamh. Chuige sin, is gá go mbeadh sé de cheangal ar sholáthraithe bogearraí a chumasaíonn rochtain ar an idirlíon a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh nuair a bhíonn na bogearraí á suiteáil gur féidir leo socruithe príobháideachais a roghnú i measc na roghanna éagsúla agus a iarraidh orthu rogha a dhéanamh. Níor cheart go náiteofaí ar úsáideoirí deiridh san fhaisnéis a chuirtear ar fáil gan socruithe arda príobháideachais a roghnú agus ba cheart faisnéis ábhartha a áireamh faoi na priacail a bhaineann le cead a thabhairt fianáin tríú páirtí a stóráil sa ríomhaire, lena náirítear taifid fhadtéarmacha ar stair bhrabhsála daoine aonair a thiomsú agus taifid den sórt sin a úsáid chun fógraíocht spriocdhírithe a sheoladh. Spreagtar brabhsálaithe gréasáin chun bealaí éasca a chur ar fáil d’úsáideoirí deiridh chun na socruithe a athrú ag am ar bith le linn úsáide agus cead a thabhairt don úsáideoir eisceachtaí a dhéanamh i gcás suíomhanna gréasáin faoi leith nó iad a bhánliostú nó na suíomhanna gréasáin a shonrú a gceadaítear fianáin (tríú) páirtí ina leith i gcónaí nó nach gceadaítear riamh iad ina leith.