Tá teicneolaíocht ann a chuireann ar chumas soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí glacadh glaonna gan iarraidh ag úsáideoirí deiridh a theorannú ar bhealaí éagsúla, lena náirítear bac a chur ar ghlaonna tostacha chomh maith le glaonna calaoiseacha agus núise eile. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí feidhm a bhaint as an teicneolaíocht sin agus úsáideoirí deiridh a chosaint ar ghlaonna núise agus é sin a dhéanamh saor in aisce. Ba cheart do sholáthraithe a áirithiú go bhfuil úsáideoirí deiridh feasach ar fheidhmiúlachtaí den sórt sin a bheith ann, mar shampla, tríd an bhfíric sin a phoibliú ar a leathanach gréasáin.