De bhun Airteagal 8(1) den Chairt agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá sé de cheart ag gach duine go ndéanfaí na sonraí pearsanta a bhaineann leis a chosaint. Leagtar síos rialacha i Rialachán (AE) 2016/679 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht sonraí pearsanta. D'fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith san áireamh i sonraí cumarsáide leictreonaí mar atá sainmhínithe i Rialachán (AE) 2016/679.