Is cuid de réimse príobháideach na núsáideoirí deiridh é an trealamh teirminéil atá ag úsáideoirí deiridh na líonraí cumarsáide leictreonaí agus aon fhaisnéis a bhaineann le húsáid trealaimh den sórt sin, pé acu, go háirithe, an bhfuil sí stóráilte sa trealamh sin nó á hastú aige, á hiarraidh uaidh nó á próiseáil aige chun go mbeidh ar a chumas nascadh le feiste eile agus/nó le trealamh líonra, agus is gá iad a chosaint faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint. Ó tharla go bhfuil faisnéis a d'fhéadfadh sonraí faoi chastachtaí mothúchánacha, polaitiúla agus sóisialta an duine aonair a nochtadh, lena náirítear ábhar cumarsáide, pictiúir agus suíomh daoine aonair trí rochtain ar chumas GPS na feiste, liostaí teagmhálaithe, agus faisnéis eile atá stóráilte san fheiste cheana féin, i dtrealamh den sórt sin nó go ndéanann sé faisnéis den sórt sin a phróiseáil, is gá go dtabharfaí cosaint príobháideachais sa bhreis don fhaisnéis a bhaineann le trealamh den sórt sin. Thairis sin, is féidir le hearraí spiaireachta mar a thugtar orthu, speicéirí gréasáin, aitheantóirí folaithe, fianáin rianaithe agus uirlisí rianaithe eile gan iarraidh den sórt céanna dul isteach i dtrealamh teirminéil an úsáideora deiridh i ngan fhios dóibh chun teacht ar fhaisnéis, chun faisnéis fholaithe a stóráil agus chun na gníomhaíochtaí a rianú. Chomh maith leis sin, is féidir faisnéis a bhaineann le feiste an úsáideora deiridh a bhailiú go cianda chun críche aitheanta agus rianaithe, ag úsáid teicnící amhail ‘méarlorgaireacht feiste’, i ngan fhios don úsáideoir deiridh go minic, rud a d'fhéadfadh cur isteach go mór ar phríobháideachas na núsáideoirí deiridh sin. Tá teicnící a dhéanann faireachán rúnda ar ghníomhaíochtaí úsáideoirí deiridh, mar shampla trína gcuid gníomhaíochtaí ar líne nó suíomh a gcuid trealaimh teirminéil a rianú, nó chun oibriú threalamh teirminéil an úsáideora deiridh a threascairt, mar bhagairt thromchúiseach ar phríobháideachas úsáideoirí deiridh. Dá bhrí sin, níor cheart aon chur isteach den sórt sin ar threalamh teirminéil an úsáideora deiridh a cheadú ach amháin le toiliú an úsáideora deiridh agus chun críocha sonracha agus trédhearcacha.