1.I gcás ina dtairgtear sainaithint na líne glao agus na líne nasctha a léiriú i gcomhréir le hAirteagal [107] den [Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach] cinnteoidh na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí go mbeidh na féidearthachtaí a leanas ann:
(a)go bhféadfadh úsáideoir deiridh an ghlao léiriú shainaithint líne an ghlao a thoirmeasc, de réir an ghlao, de réir an naisc nó go buan;
(b)go bhféadfadh an túsáideoir deiridh ar glaodh air léiriú shainaithint líne an ghlao a thoirmeasc, i gcás glaonna isteach;
(c)go bhféadfadh an túsáideoir deiridh ar glaodh air diúltú do ghlaonna isteach i gcás ina bhfuil léiriú shainaithint líne an ghlao toirmiscthe ag an úsáideoir deiridh atá ag déanamh an ghlao;
(d)go bhféadfadh an túsáideoir deiridh ar glaodh air léiriú shainaithint na líne nasctha don úsáideoir deiridh atá ag déanamh an ghlao a thoirmeasc;
2.Cuirfear na féidearthachtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 1 ar fáil d’úsáideoirí deiridh ar bhealaí éasca agus saor in aisce.
3.Chomh maith leis sin, beidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le glaonna de thionscnamh an Aontais chuig tríú tíortha. Beidh feidhm freisin ag pointí (b), (c), agus (d) de mhír 1 maidir le glaonna isteach de thionscnamh tríú tíortha.
4.Nuair a dhéantar léiriú shainaithint na líne glao nó na líne nasctha a thairiscint, cuirfidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha agus atá ar fáil go poiblí faisnéis ar fáil don phobal maidir leis na roghanna atá leagtha amach i bpointí (a), (b), (c) agus (d) de mhír 1.