Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, soláthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí, agus sotháthraithe bogearrraí a cheadaíonn cumarsáid leictreonach, lena náirítear faisnéis a aisghabháil agus a chur i láthair ar an idirlíon. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le daoine nádúrtha agus maidir le daoine dlítheanacha a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun faisnéis tráchtála a bhaineann le margaíocht dhíreach a sheoladh nó chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le trealamh teirminéil úsáideoirí deiridh nó atá stóráilte ann.