Nuair a bhíonn toiliú tugtha ag úsáideoirí deiridh chun cumarsáid gan iarraidh a fháil chun críocha na margaíochta dírí, ba cheart a bheith ar a gcumas fós a dtoiliú a tharraing siar ar bhealach éasca ag am ar bith. Chun forfheidhmiú éifeachtach rialacha an Aontais maidir le teachtaireachtaí gan iarraidh i leith margaíocht dhíreach a éascú, is gá ceilt na céannachta agus úsáid céannachta bréagaí, seoltaí fillte nó uimhreacha bréagacha nuair a bhíonn cumarsáid tráchtála gan iarraidh á seoladh chun críocha na margaíochta dírí, a thoirmeasc. Dá bhrí sin, ba cheart cumarsáid mhargaíochta gan iarraidh a bheith so-aitheanta go héasca mar chumarsáid dá leithéid agus ba cheart a léiriú inti céannacht an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh atá ag tarchur na cumarsáide nó an bhfuil an chumarsáid á tarchur ar a shon agus go gcuirfí an fhaisnéis riachtanach ar fáil d’fhaighteoirí chun a gceart a fheidhmiú maidir le cur i gcoinne tuilleadh teachtaireachtaí margaíochta a fháil i scríbhinn agus/nó ó bhéal.