Cé go bhfuil prionsabail agus forálacha Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
22
fónta fós go ginearálta, níor choinnigh an Treoir sin suas go hiomlán le teacht chun cinn réadúlacht na teicneolaíochta agus an mhargaidh, agus mar thoradh air sin ní raibh ach cosaint neamh-chomhsheasmhach nó neamhleor ó thaobh éifeachtachta ar phríobháideachas agus ar rúndacht maidir le cumarsáid leictreonach. San áireamh sna forbairtí seo tá seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá tar éis teacht isteach ar an margadh agus iad inionadaithe do sheirbhísí traidisiúnta ó thaobh an tomhaltóra de, ach nach bhfuil orthu an tsraith chéanna rialacha a chomhlíonadh. Baineann forbairt eile le teicnící nua a cheadaíonn iompar úsáideoirí deiridh ar líne a rianú, agus nach bhfuil cumhdaithe ag Treoir 2002/58/CE. Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2002/58/CE a aisghairm agus an Rialachán seo a chur in háit.