Is féidir le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí a bheith úsáideach do ghnólachtaí, tomhaltóirí agus don tsochaí ina hiomláine. Maidir le Treoir 2002/58/CE, leathnaíonn an Rialachán seo na féidearthachtaí atá ann do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil, bunaithe ar thoiliú ó úsáideoirí deiridh. Mar sin féin, tá rúndacht a gcuid cumarsáide antábhachtach d’úsáideoirí deiridh, lena náirítear a gcuid gníomhaíochtaí ar líne, agus tá siad ag iarraidh úsáid sonraí cumarsáide leictreonaí chun críocha seachas cumarsáid a iompar a rialú. Dá bhrí sin, ba cheart a chur de cheangal ar sholáthraithe cumarsáide leictreonaí leis an Rialachán seo go bhfaighidís toiliú ó úsáideoirí deiridh chun meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil, ar cheart a áireamh ann sonraí maidir le suíomh na feiste arna nginiúint ar mhaithe le rochtain ar an tseirbhís agus nasc léi a cheadú agus a choinneáil. Níor cheart a mheas gur meiteashonraí iad aon sonraí suímh a ghintear ach amháin iad siúd a ghintear sa chomhthéacs a bhaineann le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil. D'fhéadfaí soláthar teasléaráidí déine a chur san áireamh mar shamplaí de na húsáidí tráchtála a bhaineann soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí as meiteashonraí cumarsáide leictreonaí; léiriú ghrafach ar shonraí ag úsáid dathanna chun láithreacht daoine aonair a léiriú. Chun na gluaiseachtaí tráchta i dtreonna áirithe a thaispeáint le linn tréimhse áirithe ama, tá gá le haitheantóir chun suíomhanna daoine aonair ag eatraimh ama ar leith a nascadh. Bheadh an taitheantóir sin ar iarraidh dá núsáidfí sonraí anaithnide agus ní fhéadfaí gluaiseacht den chineál sin a léiriú. Dá ndéanfaí meiteashonraí cumarsáide leictreonaí a úsáid ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh údaráis phoiblí agus oibreoirí iompair phoiblí, mar shampla, leas a bhaint astu chun an áit ar cheart bonneagar nua a fhorbairt a shainmhíniú, bunaithe ar úsáid an struchtúir atá ann cheana agus ar an mbrú atá air. Nuair is dócha go mbeidh baol mór do chearta agus do shaoirse daoine nádúrtha i gceist le cineál próiseála ar mheiteashonraí cumarsáide leictreonaí, go háirithe ag úsáid teicneolaíochtaí nua, agus nádúr, scóip, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh, ba cheart measúnú tionchair maidir le cosaint sonraí agus, de réir mar a bheidh, comhairliúchán leis an údarás maoirseachta a dhéanamh roimh an bpróiseáil, i gcomhréir le hAirteagal 35 agus 36 de Rialachán (AE) 2016/679.