Cosaint faisnéise atá stóráilte i dtrealamh teirminéil úsáideoirí deiridh agus a bhaineann leis an trealamh sin

1.Toirmeascfar cumas próiseála agus cumas stórála trealaimh teirminéil a úsáid agus bailiú faisnéise ó threalamh teirminéil úsáideoirí deiridh, lena náirítear faisnéis faoina chuid bogearraí agus crua-earraí, seachas ag an úsáideoir deiridh lena mbaineann, ach amháin ar na forais seo a leanas:
(a)go bhfuil sé riachtanach díreach ar mhaithe le cumarsáid leictreonach a tharchur thar líonra cumarsáide leictreonaí; nó
(b)go bhfuil a thoiliú tugtha ag an úsáideoir deiridh; nó
(c)go bhfuil sé riachtanach chun seirbhís na sochaí faisnéise atá iarrtha ag an úsáideoir deiridh a chur ar fáil; nó
(d)go bhfuil sé riachtanach chun lucht leanúna gréasáin a thomhas, ar choinníoll go ndéanann soláthraí sheirbhís na sochaí faisnéise atá iarrtha ag an úsáideoir deiridh an tomhas sin.
2.Toirmeascfar bailiú faisnéise a astaíonn trealamh teirminéil chun go mbeadh ar a chumas nascadh le feiste eile agus, nó le trealamh líonra, ach amháin:
(a)má dhéantar é chun nasc a bhunú agus chuige sin amháin, agus ar feadh na tréimhse ama atá riachtanach chuige sin amháin; nó
(b)má dhéantar fógra atá soiléir agus feiceálach a thaispeáint a chuireann, ar a laghad, módúlachtaí an bhailithe in iúl, an cuspóir atá leis, an duine atá freagrach as agus gach faisnéis eile a éilítear faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679 nuair a dhéantar sonraí pearsanta a bhailiú, chomh maith le haon bheart is féidir le húsáideoir deiridh an trealaimh teirminéil a ghlacadh chun an bailiú a íoslaghdú nó a stopadh.
Beidh bailiú faisnéise den sórt sin coinníollach ar bhearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a bheith i bhfeidhm chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm an leibhéal slándála atá oiriúnach do na priacail, mar atá leagtha amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679.
3.Is féidir an fhaisnéis atá le soláthar de bhun phointe (b) de mhír 2 a sholáthar in éineacht le deilbhíní caighdeánaithe chun forléargas lánbhrí a thabhairt ar an mbailiú ar bhealach atá sofheicthe, intuisceana agus inléite go soiléir.
4.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27 lena socrófar an fhaisnéis a bheidh le tíolacadh ag an deilbhín caighdeánaithe agus na nósanna imeachta i ndáil le soláthar deilbhíní caighdeánaithe.