Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí a thairgeann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh na bearta is féidir leo a ghlacadh chun slándáil a gcuid cumarsáide a chosaint, mar shampla, trí chineálacha bogearraí nó teicneolaíochtaí criptithe ar leith a úsáid. Ní urscaoileann an ceanglas maidir le priacail slándála ar leith a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh an soláthraí seirbhíse ón oibleagáid bearta iomchuí a ghlacadh láithreach, ar a chostas féin, chun aon phriacail nua slándála gan choinne a leigheas agus gnáthleibhéal slándála na seirbhíse a thabhairt ar ais. Ba faisnéis faoi phriacail slándála a chur ar fáil don suibscríobhaí saor in aisce. Déantar slándáil a mheas i bhfianaise Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679.