Ba cheart sonraí cumarsáide leictreonaí a shainmhíniú ar bhealach atá leathan go leor agus neodrach go leor ó thaobh na teicneolaíochta le go gcuimseoidís aon fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar a tharchuirtear nó a mhalartaítear (ábhar cumarsáide leictreonaí) agus an fhaisnéis a bhaineann le húsáideoir deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí a phróiseáiltear ar mhaithe le malartú an ábhair i gcumarsáid leictreonach a tharchur, a dháileadh nó a chumasú; lena náirítear sonraí chun foinse agus ceann scríbe cumarsáide a rianú agus a shainaithint, chomh maith leis an suíomh geografach agus dáta, am, fad agus cineál na cumarsáide. Pé acu an ndéantar comharthaí agus sonraí gaolmhara den sórt sin a iompar trí shreang, raidió, nó trí bhealach optúil nó leictreamaighnéadach, lena náirítear líonraí saitilíte, líonraí cábla, líonraí suite (ciorcadlasctha agus paicéadlasctha, lena náirítear an tidirlíon) agus líonraí soghluaiste trastíre, nó córais cáblaí leictreachais, ba cheart na sonraí a bhaineann le comharthaí den sórt sin a mheas mar mheiteashonraí cumarsáide leictreonaí agus dá bhrí sin go mbeidís faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. D'fhéadfadh faisnéis atá mar chuid den tsuibscríbhinn don tseirbhís a bheith san áireamh i meiteashonraí cumarsáide leictreonaí nuair a dhéantar faisnéis den sórt sin a phróiseáil ar mhaithe le hábhar cumarsáide leictreonaí a tharchur, a dháileadh nó a mhalartú.