Ní mór do threalamh raidió agus a chuid bogearraí a chuirtear ar an margadh inmheánach san Aontas, Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh
23
. Níor cheart difear a dhéanamh leis an Rialachán seo d’infheidhmeacht aon cheanglas atá i dTreoir 2014/53/AE ná do chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Threoir 2014/53/AE lena néilítear go nionchorprófaí cosaintí i gcatagóirí nó in aicmí sonracha de threalamh raidió chun a áirithiú go bhfuil cosaint ag sonraí pearsanta agus ag príobháideachas úsáideoirí deiridh.