Chun forfheidhmiú rialacha an Rialacháin seo a neartú, ba cheart a bheith de chumhacht ag gach údarás maoirseachta pionóis a ghearradh, lena náirítear fíneálacha riaracháin, maidir le haon sárú ar an Rialachán seo, sa bhreis ar, nó in ionad aon bhearta iomchuí eile de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart a léiriú sa Rialachán seo sáruithe agus an uasteorainn agus na critéir chun na fíneálacha riaracháin a bhaineann leo a shocrú, ar cheart don údarás maoirseachta inniúil iad a chinneadh i ngach cás aonair, agus na himthosca ábhartha uile den staid shonrach á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, ar thromaíocht agus ar fhad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar na bearta a dhéantar chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo agus chun iarmhairtí an tsáraithe a chosc nó a mhaolú. Chun fíneáil a shocrú faoin Rialachán seo, ba cheart gnóthas a thuiscint mar ghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 101 agus le hAirteagal 102 den Chonradh.