Ba cheart cosaintí a chur ar fáil chun úsáideoirí deiridh a chosaint in aghaidh cumarsáid gan iarraidh chun críocha na margaíochta dírí, a chuireann isteach ar shaol príobháideach úsáideoirí deiridh. Meastar go bhfuil an méid den chur isteach ar phríobháideachas agus an núis mórán ar aon dul le chéile neamhspleách ar an réimse leathan de theicneolaíochtaí agus de chainéil a úsáidtear chun an chumarsáid leictreonach sin a reáchtáil, pé acu an úsáidtear córais ghlao agus chumarsáide uathoibrithe, feidhmchláir do chur teachtaireachtaí meandracha, ríomhphoist, SMS, MMS, Bluetooth, etc. Dá bhrí sin, tá bonn cirt faoin gceanglas go bhfaighfí toiliú ón úsáideoir deiridh sula seolfaí cumarsáid tráchtála leictreonaí ar mhaithe le margaíocht dhíreach chuig úsáideoirí deiridh chun daoine aonair a chosaint go héifeachtach ar chur isteach ar a saol príobháideach chomh maith le leas dlisteanach daoine dlítheanacha. Tugann deimhneacht dhlíthiúil agus an gá atá lena áirithiú go seasfaidh na rialacha a thugann cosaint in aghaidh cumarsáid leictreonach gan iarraidh an aimsir údar leis an riachtanas sraith amháin rialacha a shainiú nach nathraíonn de réir na teicneolaíochta a úsáidtear chun an chumarsáid sin gan iarraidh a iompar agus, ag an am céanna a ráthaíonn leibhéal coibhéiseach cosanta do gach saoránach ar fud an Aontais. Mar sin féin, tá sé réasúnach úsáid sonraí teagmhála ríomhphoist a cheadú laistigh de chomhthéacs ina mbeadh caidreamh custaiméara ann cheana féin maidir le táirgí nó seirbhísí den chineál céanna a thairiscint. Níor cheart feidhm a bheith ag féidearthacht den sórt sin ach amháin i gcás na cuideachta céanna a fuair na sonraí teagmhála leictreonaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.