Níl sé i gceist go gcuirfeadh an toirmeasc ar chumarsáid a stóráil cosc ar aon uathstóráil, ná ar aon stóráil idirmheánach nó neamhbhuan ar an bhfaisnéis sin a mhéid a dhéantar é sin díreach ar mhaithe leis an tarchur a chur i gcrích sa líonra cumarsáide leictreonaí. Níor cheart dó sin cosc a chur ach oiread le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí chun slándáil agus leanúnachas na seirbhísí cumarsáide leictreonaí a áirithiú, lena náirítear láithreacht bhagairtí slándála cosúil le bogearraí mailíseacha a sheiceáil nó meiteashonraí a phróiseáil chun an caighdeán is gá do riachtanais seirbhíse a áirithiú, mar aga folaigh, giodam etc.