Baineann ábhar cumarsáide leictreonaí le héirim an chirt bhunúsaigh go léireofaí meas ar an saol príobháideach, ar shaol an teaghlaigh, ar an áit chónaithe agus ar chumarsáid atá cosanta faoi Airteagal 7 den Chairt. Níor cheart aon chur isteach ar ábhar cumarsáide leictreonaí a cheadú ach amháin faoi choinníollacha atá ansoiléir agus sonraithe, chun críocha sainiúla agus é a bheith faoi réir cosaintí leordhóthanacha in aghaidh mí-úsáide. Foráiltear sa Rialachán seo don fhéidearthacht go ndéanfadh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil faoi bhealach, le toiliú feasach na núsáideoirí deiridh ar fad lena mbaineann. Mar shampla, d'fhéadfadh soláthraithe seirbhísí a thairiscint lena ndéantar scanadh ar ríomhphoist chun ábhar réamhshainithe ar leith a bhaint amach astu. Mar gheall ar an íogaireacht a bhaineann le hábhar cumarsáide, leagtar amach sa Rialachán seo toimhde gurb é an toradh a bheidh ar phróiseáil sonraí ábhair den sórt sin go mbeidh priacail arda ann i dtaca le cearta agus saoirse daoine nádúrtha. Nuair a bhíonn sonraí den sórt sin á bpróiseáil, ba cheart do sholáthraí na seirbhíse cumarsáide leictreonaí dul i gcomhairle i gcónaí leis an údarás maoirseachta roimh an bpróiseáil. Ba cheart comhairliúchán den sórt sin a bheith i gcomhréir le hAirteagal 36 (2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679. Ní chuimsíonn an toimhde próiseáil sonraí ábhair chun seirbhís a chur ar fáil a d’iarr an túsáideoir deiridh sa chás gur thoiligh an túsáideoir deiridh le próiseáil den sórt sin agus go bhfuil sí á déanamh chun na críocha agus ar feadh na tréimhse ama atá fíor-riachtanach agus comhréireach do sheirbhís den sórt sin. Tar éis don úsáideoir deiridh ábhar cumarsáide leictreonaí a bheith seolta aige nó aici agus é a bheith faighte ag an úsáideoir deiridh nó ag na húsáideoirí deiridh a bhí ceaptha é a fháil, is féidir leis an úsáideoir deiridh, na húsáideoirí deiridh nó tríú páirtí ar chuir siad de chúram air sonraí den sórt sin a thaifeadadh nó a stóráil, é a thaifeadadh nó a stóráil. Ní mór go gcomhlíonfadh aon phróiseáil ar shonraí den sórt sin Rialachán (AE) 2016/679.