1.Beidh feidhm ag an sainmhíniú ar thoiliú agus ag na coinníollacha i gcomhair toiliú dá bhforáiltear faoi Airteagal 4(11) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2016/679/AE.
2.Gan dochar do mhír 1, nuair atá sé sin indéanta agus féideartha go teicniúil chun críocha phointe (b) d’Airteagal 8(1), féadfar toiliú a léiriú trí úsáid a bhaint as na socruithe teicniúla iomchuí ar bhogearraí feidhme a chumasaíonn rochtain ar an idirlíon.
3.Tabharfar deis d’úsáideoirí deiridh a thoiligh le sonraí cumarsáide leictreonaí a phróiseáil mar atá leagtha amach i bpointe (c) d’Airteagal 6(2) agus i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 6(3) a dtoiliú a tharraingt siar ag am ar bith mar atá leagtha amach faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2016/679 agus cuirfear an fhéidearthacht sin i gcuimhne dóibh ag eatraimh thréimhsiúla de 6 mhí, fad agus a leanann an phróiseáil ar aghaidh.