1.Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)na sainmhínithe i Rialachán (AE) 2016/679;
(b)na sainmhínithe ar ‘líonra cumarsáide leictreonaí’, ‘seirbhís cumarsáide leictreonaí’, ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta’, ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá bunaithe ar uimhreacha’, ‘seirbhís cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhreacha’, ‘úsáideoir deiridh’, agus ‘glao’ i bpointí (1), (4), (5), (6), (7), (14), agus (21) faoi seach d’Airteagal 2 den [Treoir lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach];
(c)an sainmhíniú ar 'threalamh teirminéil' i bpointe (1) d’Airteagal 1 de Threoir 2008/63/CE ón gCoimisiún
27
.
2.Chun críocha phointe (b) de mhír 1, áireofar sa sainmhíniú ar ‘sheirbhís cumarsáide idirphearsanta’ seirbhísí a éascaíonn cumarsáid idirphearsanta agus idirghníomhach nach bhfuil inti ach mionfheidhm choimhdeach atá nasctha go dlúth le seirbhís eile.
3.Ina theannta sin, chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)ciallaíonn ‘sonraí cumarsáide leictreonaí’ ábhar cumarsáide leictreonaí agus meiteashonraí cumarsáide leictreonaí;
(b)ciallaíonn ‘ábhar cumarsáide leictreonaí’ an tábhar a mhalartaítear trí bhithín seirbhísí cumarsáide leictreonaí, amhail téacs, guth, físeáin, íomhánna, agus fuaim;
(c)ciallaíonn ‘meiteashonraí cumarsáide leictreonaí’ sonraí a phróiseáiltear i líonra cumarsáide leictreonaí ar mhaithe le hábhar cumarsáide leictreonaí a tharchur, a dháileadh nó a mhalartú; lena náirítear sonraí a úsáidtear chun foinse agus ceann scríbe cumarsáide a rianú agus a shainaithint, sonraí maidir le suíomh na feiste arna nginiúint i gcomhthéacs seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chur ar fáil agus, an dáta, an tam, fad agus cineál na cumarsáide;
(d)ciallaíonn ‘eolaire atá ar fáil go poiblí’ eolaire úsáideoirí deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí, pé acu i bhfoirm chlóite nó i bhfoirm leictreonach, a fhoilsítear nó a chuirtear ar fáil don phobal nó do chuid den phobal, lena náirítear trí sheirbhís eolaí teileafóin;
(e)ciallaíonn ‘ríomhphost’ aon teachtaireacht leictreonach ina bhfuil faisnéis amhail téacs, guth, físeán, fuaim nó íomhá a sheoltar thar líonra cumarsáide leictreonaí ar féidir í a stóráil sa líonra nó in áiseanna ríomhaireachta atá gaolmhar leis, nó i dtrealamh teirminéil an fhaighteora;
(f)ciallaíonn ‘cumarsáid mhargaíochta dírí’ aon chineál fógraíochta, i scríbhinn nó ó bhéal, a sheoltar chuig úsáideoir deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí amháin atá sainaitheanta nó insainaitheanta nó chuig níos mó ná aon cheann acu, lena náirítear trí chórais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe, le hidirghníomhaíocht dhaonna nó gan idirghníomhaíocht dhaonna, trí ríomhphost, trí SMS, etc.;
(g)ciallaíonn ‘glaonna pearsanta margaíochta dírí’ glaonna beo, nach mbaineann feidhm as córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe;
(h)ciallaíonn ‘córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe’ córais atá ábalta glaonna a thionscnamh go huathoibríoch chuig faighteoir amháin nó chuig roinnt faighteoirí i gcomhréir le treoracha atá socraithe don chóras sin, agus fuaimeanna a tharchur nach caint bheo iad, lena náirítear glaonna a dhéantar ag úsáid córais ghlaoite agus chumarsáide uathoibrithe a nascann an duine a bhfuiltear ag glaoch air le duine aonair.