1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:
(a)soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí d’úsáideoirí deiridh san Aontas, beag beann ar íocaíocht an úsáideora deiridh a bheith de dhíth nó gan a bheith de dhíth;
(b)úsáid seirbhísí den sórt sin;
(c)cosaint faisnéise a bhaineann le trealamh teirminéil úsáideoirí deiridh atá lonnaithe san Aontas.
2.Sa chás nach bhfuil soláthraí seirbhíse cumarsáide leictreonaí bunaithe san Aontas ainmneoidh sé ionadaí san Aontas i scríbhinn.
3.Beidh an tionadaí bunaithe i gceann de na Ballstáit ina bhfuil úsáideoirí deiridh na seirbhísí cumarsáide leictreonaí lonnaithe.
4.Beidh sé de chumhacht ag an ionadaí ceisteanna a fhreagairt agus faisnéis a sholáthar sa bhreis ar an soláthraí nó in ionad an tsoláthraí a bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta ar a shon, go sonrach, d’údaráis mhaoirseachta agus d’úsáideoirí deiridh, maidir le gach saincheist a bhaineann le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí ar mhaithe le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
5.Beidh ainmniú ionadaí de bhun mhír 2 gan dochar do chaingne dlí, a d'fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann próiseáil ar shonraí cumarsáide leictreonaí a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí ó lasmuigh den Aontas chuig úsáideoirí deiridh san Aontas.