1.Chun críche an Airteagail seo, beidh feidhm ag Caibidil VII de Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo.
2.Beidh sáruithe ar na forálacha seo a leanas den Rialachán seo, de réir mhír 1, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 10 000, 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 2 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
(a)na hoibleagáidí atá ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha a dhéanann próiseáil ar shonraí cumarsáide de bhun Airteagal 8;
(b)na hoibleagáidí atá ar sholáthraí bogearraí a chumasaíonn cumarsáid leictreonach, de bhun Airteagal 10;
(c)na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe eolairí atá ar fáil go poiblí de bhun Airteagal 15;
(d)na hoibleagáidí atá ar aon duine dlítheanach nó nádúrtha a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí de bhun Airteagal 16;
3.Beidh sáruithe ar an bprionsabal i leith rúndacht chumarsáide, próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí atá ceadaithe, teorainneacha ama i gcomhair léirscriosta de bhun Airteagail 5. 6, agus 7 i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000, 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
4.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis i leith sáruithe ar Airteagail 12, 13, 14, agus 17.
5.Beidh neamhchomhlíonadh ordaithe ag údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 18, faoi réir fíneálacha riaracháin suas le 20 000 000 EUR, nó i gcás gnóthais, suas le 4 % de láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda na bliana airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
6.Gan dochar do na cumhachtaí ceartúcháin atá ag údaráis mhaoirseachta de bhun Airteagal 18, féadfaidh gach Ballstát rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis phoiblí agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.
7.Beidh feidhmiú a chumhachtaí ag an údarás maoirseachta faoin Airteagal seo faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlí Ballstáit, lena náirítear leigheas breithiúnach éifeachtach agus próis chuí.
8.I gcás nach bhforáiltear i gcóras dlí an Bhallstáit do ghearradh fíneálacha riaracháin, féadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ndéanfaidh an túdarás maoirseachta inniúil an gearradh sin a thionscnamh agus go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla é, agus é á áirithiú acu go mbeidh na leigheasanna dlí sin éifeachtach agus go mbeidh éifeacht choibhéiseach acu ar na fíneálacha riaracháin a ghearrfaidh na húdaráis mhaoirseachta. Ar aon chaoi, beidh na fíneálacha a ghearrfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit sin fógra don Choimisiún faoi fhorálacha a ndlíthe féin a ghlacann siad de bhun na míre seo faoi [xxx] agus, tabharfaidh siad fógra freisin gan mhoill faoi aon dlí leasaitheach nó aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear do na forálacha sin.