1.Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh na leigheasanna céanna dá bhforáiltear in Airteagail 77, 78 agus 79 de Rialachán (AE) 2016/679 ag gach úsáideoir deiridh seirbhísí cumarsáide leictreonaí.
2.Beidh sé de cheart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach seachas úsáideoirí deiridh a ndéanann sáruithe ar an Rialachán seo dochar dóibh agus a bhfuil leas dlisteanach acu i scor nó i dtoirmeasc na sáruithe a líomhnaítear, lena náirítear soláthraí seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ag cosaint a leasanna dlisteanacha gnó, imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i dtaca le sáruithe den sórt sin.