1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí a bhaineann le soláthar agus úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus maidir le faisnéis a bhaineann le trealamh teirminéil úsáideoirí deiridh.
2.Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leo seo a leanas:
(a)gníomhaíochtaí atá lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais;
(b)gníomhaíochtaí na mBallstát a thagann faoi raon feidhme Chairt 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach;
(c)seirbhísí cumarsáide leictreonaí nach bhfuil ar fáil go poiblí;
(d)gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis inniúla ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena náirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a chur leis na bagairtí sin;
3.Tá próiseáil sonraí cumarsáide leictreonaí ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais á rialú ag Rialachán (AE) 00/0000 [Rialachán nua a thagann in ionad Rialachán 45/2001].
4.Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Threoir 2000/31/CE
26
, go háirithe maidir leis na rialacha dliteanais a bhaineann le soláthraithe idirmheánacha seirbhíse in Airteagal 12 go hAirteagal 15 den Treoir sin.
5.Tá an Rialachán seo gan dochar d’fhorálacha Threoir 2014/53/AE.