1.Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáid chun cumarsáid maidir le margaíocht dhíreach a chur chuig úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad agus a bhfuil toiliú tugtha acu.
2.Sa chás go bhfaigheann duine nádúrtha nó dlítheanach sonraí teagmhála leictreonaí i gcomhair ríomhphoist ó chustaiméir dá chuid, i gcomhthéacs a bhaineann le díol táirge nó seirbhíse, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, ní fhéadfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach sin na sonraí teagmhála leictreonaí sin a úsáid chun margaíocht dhíreach a dhéanamh ach amháin má thugtar an deis do chustaiméirí go soiléir agus follasach cur i gcoinne na húsáide sin, ar bhealach éasca agus saor in aisce. Tabharfar an ceart cur ina choinne ag am an bhailithe agus gach uair a chuirtear teachtaireacht.
3.Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2, déanfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun glaonna a bhaineann le margaíocht dhíreach a dhéanamh an méid seo a leanas:
(a)sainaithint líne ar féidir teagmháil a dhéanamh leo uirthi a léiriú; nó
(b)cód/nó réimír faoi leith a léiriú lena sainaithnítear gur glao margaíochta é an glao.
4.D’ainneoin mhír 1, féadfaidh Ballstáit a fhoráil de réir dlí nach gceadófar glaonna margaíochta dírí, ar glaonna pearsanta iad, a chur ar úsáideoirí deiridh ar daoine nádúrtha iad ach amháin nuair nár chuir na daoine sin aon agóid in iúl maidir leis an gcumarsáid sin a fháil.
5.Déanfaidh Ballstáit a áirithiú, i gcreat Dhlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta is infheidhme, go bhfuil cosaint leordhóthanach tugtha do leas dlisteanach úsáideoirí deiridh ar daoine dlítheanacha iad maidir le cumarsáid gan iarraidh a chuirtear trí na modhanna a leagtar amach faoi mhír 1.
6.Cuirfidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a úsáideann seirbhísí cumarsáide leictreonaí chun cumarsáid a bhaineann le margaíocht dhíreach a tharchur in iúl do na húsáideoirí deiridh gur glao de chineál margaíochta atá sa chumarsáid chomh maith le céannacht an duine dhlítheanaigh nó nádúrtha a bhfuil an chumarsáid á tarchur ar a shon agus cuirfidh sé an fhaisnéis riachtanach ar fáil d’fhaighteoirí, chun gur féidir leo an ceart atá acu a dtoiliú a tharraingt siar a fheidhmiú, ar bhealach éasca, maidir le tuilleadh cumarsáide margaíochta a fháil.
7.Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26(2) lena sonraítear an cód/nó an réimír chun glaonna margaíochta a shainaithint, de bhun phointe (b) de mhír 3.