1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha i dtaca le soláthar agus úsáid seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus, go sonrach, na cearta maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar chumarsáid phríobháideach agus maidir le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.
2.Leis an Rialachán seo áirithítear saorghluaiseacht sonraí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí laistigh den Aontas, nach ndéanfar iad a shrianadh ná a thoirmeasc ar chúiseanna a bhaineann le meas ar shaol agus ar chumarsáid phríobháideach daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha agus le cosaint daoine nádúrtha i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.
3.Déanann na forálacha sa Rialachán seo Rialachán (AE) 2016/679 a shonrú agus a chomhlánú trí rialacha sonracha a leagan síos chun na críocha a luaitear i mír 1 agus i mír 2.